www.ulsternation.org.uk

This website is a forum for political debate and the exchange of ideas. Unless indicated, the opinions expressed in any article, commentary, argument or review is solely that of the author and not necessarily that of the publisher.

 Home Page Reviews Ulster comment  Archives  International issues   Links   Conversation with Rabbi Schiller  FAQs   Open Forum  For Sale  Obituaries   Culture and Identity

in gaelige

1690 - Bliain na Saoirse Eorpaí

Ceilúrann an "Twelfth" bua Rí Liam i 1690 nuair a bhuail fórsaí an Phrionsa Oráiste airm a athair céile, Séamas Stiubhart, ag Cath na Bóinne.  Níor throid teaghlaigh é, áfach, ach pointe casta i stair na hEorpa.  Ba chosantóir seasmhach "Cheart Diaga na Ríthe" é Séamas VII, ach go háirithe mar a chleachtadh "Rí na Gréine", Louis XIV, sa Fhrainc é.  Ba é Louis deachtóir críochnaithe na Fraince, agus bhí Séamas ag iarraidh na cumhachtaí deachtóra féin a bheith aige i Sasain, Albain agus Éirinn.  I Sasain, bhí stair fhada ag an phrionsabal gur cheart do fheisirí parlamainte a bhí tofa ag an phobal teorainn a chur ar ghníomhartha an Rí agus cead a bheith acu dlíthe a dhéanamh.  Ní raibh sé foirfe, mar dhaonlathas, ach céim siar ón absalóideachas a bhí ann.  Ní nárbh ionadh, chuir cuid mhaith daoine in éadan Shéamais.  An toradh  a bhí ar an scéal ná gur chuir Liam an ruaig air; sa eireadh, bualadh ag Cath na Bóinne é.

   Nuair a dheachaigh Liam agus Máire i gcoróin, ba chéim ar aghaidh é do thíortha na Breataine.  Cuireadh críoch le cumhacht thíoránta shaorthoilteanach na Stiubhartach, agus bunaíodh an Mhonarcacht Bhunreachtúil agus rialtas na parlaiminte (tuigimid anois nach bhfuil córas na hionadaíochta i bparlaimint fíordhaonlathach fiú).

   Mar is eol dúinn uilig, is cuimhin le daoine na cearta teoranta a bhain an Réabhlóid Ghlórmhar amach fós.  Ní "sectarian coat-trailing exercise" é ceiliúradh bhua Rí Liam.  Is é an "Twelfth" ar an Fheis chultúrtha phobail is mó san Eoraip.  Ceanglaíonn sé Uladh go dlúth leis an Eoraip maidir le stair agus cultúr.  Tá sé ar na dátaí is tábhachtaí i gcruthú stair na hEorpa - ó ba 1690 bliain na Saoirse Eorpaí.  Sin an fáth ar cheart dúinn dul ar aghaidh ag cuimhneadh uirthi!

Thanks to Padraig from Belfast/Beal Feirste for this Irish translation

A THIRD WAY FOR ULSTER

Copyright © 1990 - 2007 Third Way Publications. All rights reserved.